Iomha o chludach fhogra o GhaelchulturBlíanta ó shin bhí cuid mhaith de na téarmaí teicneolaíochta Gaeilge faoin idirlíon ar an eolas agam – mar shampla, gréasán, suíomh idirlín, bunachar, nasc, srl. Ach, is léir anois gur thit mé cineal as-data le deanaí. Mar shampla, go dtí an tseachtain seo thart níor chuala me riamh faoi 'bhlagadóireacht' no 'podchraoladh'! Sin samplaí de na focail áisiúla úra a d'fhloglaim mé le gairid ar chúrsa Ghaelchultúr i mBarra an Teampaill. Ach d’aithnigh mé nár thainig an téarma ‘Web 2.0’ chun tosaigh le linn ar ndíospoireachaí. Mar sin cruthóidh mé féin é : 'Gréasán 2.0'. Anois! An chéad focail Gaeilge a chum mé riamh!

0 Comments:

Post a Comment

Subscribe to Post Comments [Atom]

<< Home