Téacs? Cinnte, GRMA.

teacs.ie
D’íoslodáil mé feidhm-oideas téacs nua do mhobiles ó Vodafone le deanaí.
Seolaim corr-téacs trí Ghaeilge ach ní dóigh liom go bhfuil siad ar fad litríu i gceart. Sé an scéal ná go bhfuil sé deacair síneadh fada a chur isteach. Chomh maith le sin, ní aithníonn an fon an teanga í fein.
Mar fhreagra ar an scéal, tá BnaG agus Vodafone tagtha le chéile leis an bogearraí nua seo a scaipeadh. An príomh-bhúntáiste ná go bhfuil foclóir Gaeilge san iamh leis agus go n-obríonn sé le téacsáil thuarthach Gaeilge.
Teacs as Gaeilge

Mo bhreithiúnas air

An rud is fearr, ná an foclóir é fein. De réir an usaide a bhí agam go dtí seo, tá sé cuimsitheach, cruinn agus leathan.
Bhain mé tríail as gnath-téacs a sheoladh (gearr-téacsanna direacha iad den chuid is mó). Mar shámpla:
  • Bhfuil tú ann?
  • Fós ag teacht anocht?
  • (Beidh mé ann) ag 8.30in.
  • (Beidh mé ann) i 5 bomaite.
  • (Tá mé) ar an mbealach.
  • Cen t-am?
  • Bhfuil tú abhaile ?
  • Tá go maith
  • Maith go leor
  • Theip orm do scairt a fhail. Glaofaidh mé ort nios deanaí.
  • Táim i ngrá le Sharon Ní Bheoláin ;) 

Maith, ach…

Tá an bogearraí sar-mhaith ag tuar ná bhfocal. D’aithnigh sé beagnach gach focal i gceart, seachas cúpla céann. Caithfidh mé a adhmháil nar usaid mé go fíor “in anger” go dtí seo, ach pé scéal é thaitin an ghné sin liom
An focal is minice a theipeann air a aithniú ná “ann”. Molann an uirlis “aon” ina ait. Ach, amharc ar an liosta thuas. Tá “ann” usaide 3 uaire agam sna scealaí a sheolaim is minice. Fadhb? Cinnte, ach beag.
(GRMA?  ”Go raibh maith agat”.)